Ar an Aoine 23ú Meán Fómhair, thaisteal Rang 6 go Áth Luain chun páirt a ghlacadh i gclár nua teilifíse do TG4 darb ainm 'Uiscenauts'.Bhí lá den scoth ag an rang go léir agus ba mhaith leo a mbuíochas a ghabháil le Abú Media agus TG4 go háirithe, as ucht lá thar barr a chur ar fáil dóibh agus an deis iontach seo a thabhairt dóibh. Táimid ag tnúth go mór le feiceáil ar éirigh leo dul isteach sa leath-chraobh. Tá an scoil ar fad an-bhródúil as na ceithre dalta - Ruairí Ó Draighneán ,Eoin Mac Fhionnlaigh, Aobh Nic Gabhann agus Ciara Best a rinne tréan-iarracht ar an lá ar fhoireann na scoile. Gaelscoil an Mhuilinn Abú !!